top of page

Scoil Rónáin

Ráiteas Misin

  • Is scoil Chríostúil, Chaitliceach í Scoil Rónáin ina gcuirtear atmaisféar faoi ord agus eagar ar fáil inar féidir riachtanais intleachta, spioradálta, corpartha, morálta agus cultúrtha an pháiste a aithneachtáil agus a chomhlíonadh.

  • Cé gur scoil Chaitliceach í Scoil Rónáin tugtar aitheantas do chreideamh agus do thraidisiúin eile.

  • Déanfaidh muid gach iarracht forbairt a phroifisiúnta agus pearsanta na foirne a chur chun cinn trí fhreastal a dhéanamh ar chúrsaí in seirbhíse. 

  • Déanfaidh Scoil Rónáin gach iarracht chomh fada agus is féidir páirtíocht tuismitheoirí a chothú trí theagmháil scoile/baile, cúrsaí agus cruinnithe tuismitheoirí agus rannpháirtíochta eile.

  • Déanfaidh muid iarracht chomh fada agus is féidir cur le féin mhuinín gach duine a bhfuil baint acu leis an scoil-chun go mbeidh meas acu ar an scoil agus ómós do dhaoine agus do mhaoin an cheantair agus sa mbealach seo freagracht a chothú iontu.

  • Déanfaidh muid iarracht i gcónaí chomh fada agus is féidir go bhfaighidh gach páiste ceart agus cóir agus nach ndéanfar éagóir ná leatrom ar aon pháiste de bharr creideamh, dath, intleacht, gnéas, réasún nó cúlra.

FEACHTAS BLIAIN SAOR Ó CHÍOS DON SCOILBHLIAIN 2024-2025

Eagrú na Scoile

Tosaíonn an scoil ag 9.10 r.n. Tá sé tábhachtach a bheith in am don scoil mar go gcothaíonn sé nós imeachta maith. Ní ghlacann an scoil aon fhreagracht as páiste ar bith roimh 9.10 r.n.
 

Imíonn na Naíonáin Shóisireacha agus Shinsireacha abhaile ag a 2.00 i.n. Ba cheart do na daoine a bhailíonn na Naíonáin ón scoil a bheith in am ionas nach mbeidh aon imní ar na páistí

Imíonn na rannganna eile abhaile ag a 3.00 i.n.Fágann na páistí ar fad clós na scoile le dul abhaile gan mhoill ag a 3.00 i.n. ag siúl nó i gcarranna. Imíonn na Naíonáin Shóisireacha agus Shinsireacha abhaile ag 1.10 i.n Dé hAoine agus imíonn na ranganna eile abhaile ag 2.10 i.n

Manna na Scoile

Oideachas iomlán le ceart, cóir agus cothromaíocht do gach dalta le misneach, muinín agus mórtas.

Gníomhaíochtaí Breise

  • Glacann an fhoireann peile scoile páirteach i léig chumann na mBunscoil i rith na scoilbhliana. Bíonn léig ‘Seachtar an Taobh’ ar súil. Glacann muid páirt i bhFéile Peile atá eagraithe ag Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta Ghaeltachta na Gaillimhe do na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna i gCuige Chonnacht. Má bhíonn do pháiste ag dul chuig cluiche peile caithfear an fhoirm cheadúnaithe a bheith sínithe ag tuismitheoirí.

  • Ó am go ham, ag tacú leis an gCuraclam Leasaithe, bíonn turas scoile chuig ionaid suimiúla. Bíonn Club Mata agus Béarla ar siúl sa scoil le haghaidh na n-ardranganna. (Taréis am scoile 3.00)  Glacann Cór na scoile páirt i seirbhísí eaglasta um Nollaig, an Chéad Chomaoineach, Searmanas Ullmhaithe an Chóineartaithe, Sacraimint na hAithrí agus ócáidí eile.

  • Bíonn ranganna ceoil ar an bhfeadóg stáin agus ranganna damhsa seite ar súil chomh maith. Glacann páistí na scoile páirt i bhféiltí m.sh Corim.

  • Glacann muid páirt i nGradam Eolaíochta atá eagraithe ag Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann/Fionnachtana Eolaíochta agus Matamaitice Bunscoile/An Brat Glas.

  • Cothaítear féith na haisteoireachta agus na drámaíochta i bpaistí na scoile. Léiríonn páistí na scoile a gcumas ealaíne agus samhlaíochta le dearadh a dhéanamh ar chartaí Nollag, comórtaisí ealaíne 7rl.

Sábháilteacht ag teacht agus ag imeacht ón scoil

Ní mór do pháistí na scoile siúl isteach agus amach as an scoil. Níl cead a bheith ag rothaíocht i gclós na scoile. Iarrtar ar tuismitheoirí tiomáint go cúramach in aice na scoile

1. Níl cead ag páistí na scoile a bheith ag dreapadh ná ag luascadh ar bhallaí, ar fhoirgnimh nó ar phostaí peile.

2. Ní mór do pháistí siúl chuig agus ón gcarr. Ní ghlacann an scoil aon fhreagracht do thionlacan na bpáistí ón gcarr chuig an scoil ná ón scoil go dtí an carr.

3. Níl cead páistí a ligean as timpeallacht na scoile i rith an lae gan cead na dtuismitheoirí i scríbhinn nó síniú ar an leabhar tinrimh.

4. Má tá tuismitheoirí scaradh caithfidh an Phríomhoide agus na Múinteoir Ranga a bheith cinnte cé é/í an duine go bhfuil cead acu an páiste a bhailiú.

5. Má bhíonn gasúir de chreideamh eile ag freastal ar an rang Teagasc Críostaí is féidir socrú eile a dhéanamh dóibh le linn an ama seo ach iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an scoil.

bottom of page