Cúnamh Breise do Pháistí
Déanann muid cúram faoi leith de na páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama gearr-thréimhseacha nó fad-thréimhseacha acu, i Scoil Rónáin, An Trá Bháin. Tá múinteoir tacaíochta foghlama agus múinteoir acmhainne againn a thugann cúnamh do pháistí na scoile.
01
An Léitheoireacht
Is sa mbaile go príomha a chothaítear nós na léitheoireachta. Spreag do pháiste le dul chuig an leabharlann agus cabhraigh leis/léi a thuiscint gur iontach an caitheamh aimsire an léitheoireacht agus nach mbaineann sé le obair bhaile agus an leis an scoil amháin. Spreag do pháiste le dul ag léamh i rith na laethanta saoire.
02
An Cúntóir Teangan
Spreagann na Cúntóirí Teanga spéis i labhairt na Gaeilge sna páistí trí labhairt leo ina ngrúpaí beag, ealaín a dhéanamh leo, scéalta a léamh 7rl. Bíonn na Cúntóirí Teanga ag plé le Ranganna na Naíonán-Rang 6.
03
An Múinteoir Tacaíochta Foghlama
Má tá deacrachtaí léitheoireacht/Mata ag do pháiste b’fhéidir go gcuirfí é/í chuig an múinteoir tacaíochta foghlama le cúnamh a fháil. Is gá go dtabharfaidh tuismitheoirí tacaíocht ghníomhach agus moladh dá bpáistí le go mbeidh clár tacaíochta foghlama éifeachtach. Go mórmhór, iarrtar ar thuismitheoirí éisteacht lena bpáiste ag léamh chuile oíche. Ná bíodh imní as cuimse ort faoi léitheoireacht/deacrachtaí foghlama do pháiste agus ná cothaigh aon imní ann/inti. Bí dearfadh
04
An Múinteoir Acmhainne
Sa gcás go gceapann an múinteoir ranga nach bhfuil do pháiste ag déanamh an dul chun cinn céanna le páistí eile sa rang ó thaobh foghlama/iompair dó, cuirfear na tuismitheoirí ar an olas. Má cheapann an múinteoir ranga nó/agus an múinteoir tacaíochta foghlama/an Príomhoide/an múinteoir acmhainne go mbeadh tástáil síceolaíoch/oideachasúil ina cúnamh don fhoireann teagaisc le freastal oideachasúil níos fearr a dhéanamh ar do pháiste, cuirfear é sin in iúl daoibh. Ní mór don pháiste tástáil síceolaíoch a bheith aige/aici agus moltaí inti le go gcéadófaí uaireanta le múinteoir acmhainne.

