01
Aidhmeanna an Chóid Smachta
‘S iad aidhmeanna an Chóid Smachta agus Disciplín ná:
-
Feidhmiú éifeachtúil na scoile agus smacht ranga a bhunú a chothóidh timpeallacht éifeachtúil agus spreagúil.
-
Go mbeidh ard agus eagar agus sábháilteacht sa scoil agus meas ar thimpeallacht na scoile.
-
Féinsmacht a chothú sna páistí agus a chur ina luí orthu cúram agus cúirtéis a thaispeáint do dhaoine eile.
02
Prionsabail an Chóid Smachta
Tá gá le córas sa scoil a chuireann an bhéim ar dea-nósanna iompair in áit droch nósanna chun timpeallacht sona sásta a chothú ionas go mbeidh an páiste in ann dul chun cinn iomlán a dhéanamh. ‘Sí an aidhm atá againn ná uathúlacht an pháiste a cheiliúradh agus forbairt acmhainn iomlán an pháiste a chinntiú i dtimpeallacht atá soar ó chíorthuathail. Cuireann cód smachta na scoile níos mó béíme ar cheiliúradh dea-iompair ná ar smachtbhannaí. ‘Sé an sprioc atá againn ná go gcothóidh sé seo féinsmacht sa bpáiste. Beidh uaireanta ann, ar ndóigh, nuair a chaitheann muid smachtbhannaí a chur i bhfeidhm le srian a choinneáil ar dhroch-iompar agus ar mhaithe le dea-eagar scoile.
03
Meas agus Cuirtéis
-
Ní mór do na páistí meas agus cuirtéis a thaispeáint i gcónaí do fhoireann teagaisc na scoile agus a gcuid comhleacaithe. Ní ghlacfar le haon tromaíocht ná droch-chaint.
-
Caithfidh na páistí meas a thaispeáint do shealúchas na scoile agus timpeallacht na scoile a choinneáil glan ó bhrúscar.
-
Ba cheart go mbeadh na leabhair agus an fearas cuí scoile ag na páistí.
-
Táthar ag súil go ndéanfaidh chuile pháiste an-iarracht lena chuid obair scoile agus a chuid obair scríofa a chur i láthair go deas néata.
-
Ní ghlacfar le haon iompar a chuireann isteach ar chearta foghlama nó/agus cearta sábháilteachta an pháiste.
04
Disciplín trín bhfoghlaim
‘Sí an fheidhm atá againn ná féinfhreagracht, féinsmacht agus dearcadh dearfach a chothú sna páistí ar bhealach moltach agus mealltach. Cothaíonn an disciplín trín bhfoghlaim nósanna dea-iompair agus oibre. Foghlaimíonn na páistí na rialacha seo a leanas:
-
‘Sí an Ghaeilge ár dteanga, labhraimís í istigh sna ranganna agus amuigh ag spraoi.
-
Siúl go réidh.
-
Tabhair aire mhaith agus omós ceart do chuile rud a bhaineann leat.
-
Bí lách le cách.
-
Déan do dhícheall gach am den ló, ‘s ní bheidh ort ansin aon stró.
-
Ná bí ag caint gan fáth, cuir suas do láimh má tá rud agat le rá.
05
Tromaíocht
Séard is tromaíocht ann ná bagairt sheasta ó bhéal, go fisiciúil nó/agus go síceolaíoch ar pháiste/pháistí. Ní ghlacfar le haon iompar bagarthach ach ní féidir a rá gur tromaíocht atá i gceist le haon eachtra amháin. Ach nuair tá droch-iompar seasamhach agus leanúnach i gceist ar nós bagairt fhisiciúil, damáiste do fhearas, sracaireacht, imeaglú, glaonna gutháin mhaslacha, aonrú, ag glaoch ainmneacha, ag spochadh as duine agus tromaíocht ar an bhfoireann teagaisc, is tromaíocht atá i gceist.
Is cuid lárnach dár bpolasaí friththromaíochta atmaisféar deimhneach a chothú a chuireann an bhéim ar mheas agus cuirtéis a thaispeáint do chuile dhuine agus a chinntiú nach nglacfar le tromaíocht.
06
Smachtbhannaí agus straitéisí le déileail le mí-iompar
Faraoir, nuair a dhéanann páiste neamhaird d’aon turas de rialacha na scoile agus nuair a chuireann sé/sí isteach ar chearta foghlama páistí eile ní mór smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.
Seo iad na smachtbhannaí:
-
Rabhadh a thabhairt don pháiste.
-
Labhairt leis an bpáiste.
-
Páiste a chur chuig seomra eile.
-
Litir a chur abhaile.
Tá freagracht ar chuile mhúinteoir smacht a chothú ina sheomra ranga féin, chomh maith le freagracht d’ord agus eagar na scoile trí chéíle. Ar deireadh thiar baineann freagracht iomlán ar dhisciplín na scoile leis an bpríomhoide. Cuirfear páistí go dtí an príomhoide nuair atá ollchoir déanta acu nó coireanna déanta go minic acu. Tabharfar cuireadh do na tuismitheoirí teacht chuig an scoil agus bualadh leis an bPríomhoide. Má leanann an droch-iompar ar aghaidh iarrfar ar na i scríbhinn ar an tuismitheoirí teacht ag crinniú leis an bPríomhoide agus Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta. Muna mbíonn na tuismitheoirí sásta geallúint a thabhairt go dtiocfaidh feabhas ar iompar an pháiste cuirfear an páiste ar fionraí.
07
Rialacha Scoile
Is ar mhaithe le sábháilteacht, sláinte agus leas an phobail scoile atá rialacha scoile ann. Caithfidh na rialacha scoile a bheith soiléir agus curtha i bhfeidhm go leanúnach agus go ciallmhar ar mhaithe le feidhmiú éifeachtach na scoile.
08
Nósanna Imeachta le déileáil le tromaíocht
-
Déanfaidh na múinteoirí iniúchadh ar chuile eachtra tromaíochta a tharlaíonn.
-
Nuair atá ollchoir tromaíochta déanta, cuirfear é ain in iúl don Phríomhoide láithreach.
-
Cuirfear na tuismitheoirí ar an eolas chomh luath agus is féidir.
-
Déanfar soiléir do na páistí nach ag sceitheadh ar pháistí atá siad nuair a insíonn siad faoi eachtra tromaíochta.
09
Cur chuige maidir le iniúchadh agus déileáil le tromaíocht
-
Éileafar freagraí ar an ceisteanna seo a leanas: Céard? Cén áit? Cén uair? Cén duine? Cén fáth?
-
Má bhíonn páistí ag déanamh tromaíochta, cuirfear na smachbhannaí i bhfeidhm.

