Tinreamh
Nuair atá do pháiste as láthair ón scoil ar feadh lá amháin nó cuid den lá, caithfear nóta a chur chuig an múinteoir ranga ( a chuirfidh scéal chuig an bPríomhoide) ag cur in iúl di/dó cén fáth a bhfuil do pháiste as láthair.
Má bhíonn ar do pháiste an scoil a fhágáil taobh istigh d’uaireanta scoile caithfear nóta a chur chuig an múinteoir ranga ag cur in iúl cén fáth a gcaitheann do pháiste imeacht ón scoil.
Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí teacht chuig an seomra ranga nuair a thagann siad ag iarraidh a gcuid páistí. Teastaíonn cead tuismitheoirí/caomhnóirí i scríbhinn ó dhuine atá ag tigheacht faoi dhéin do pháiste. Is ar mhaithe le sábháilteacht do pháiste atá an riail seo ann.
Tá dualgas ar an bPríomhoide faoin Acht Leasa Oideachais 2000 an tOifigeach Leasa Oideachasúil a chur ar an eolas má bhíonn páiste as láthair níos mó ná 20 lá sa scoilbhliain.
Muna mbíonn páiste ag freastal ar an scoil go rialta i dtuairim an Phríomhoide, cuirfear é an tOifigeach Leasa Oideachasúil ar an eolas.

Obair Bhaile
Bíonn obair bhaile chuile oíche ag na páistí ó rang na Naíonán go rang a sé. Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn an obair bhaile déanta ag a gcuid páistí chuile oíche.
I gcásanna speisialta nuair nach féidir an obair bhaile a chríochnú iarrtar ort nóta mínithe a chur chuig an múinteoir.
Ná déan obair bhaile do pháiste. Bíonn an obair bhaile ullmhaithe sa rang. Scrúdaigh obair bhaile do pháiste le cinntiú go bhfuil sé neata agus taispeáin na botúin dó/di.
Tá an tábhacht céanna ag baint le obair ó bhéal agus atá le obair scríofa. Iarrtar ort éisteacht le do pháiste agus é/í ag léamh agus tablaí matamaitice agus litriú a scrúdú.
Ba cheart do thuismitheoirí an leathanach Obair Bhaile/leabhar nótaí a shíniú chuile oíche.
Culaith Scoile & Sealúchas Persanta
Tá ar pháistí culaith scoile a chaitheamh chuile lá. Tá orthu culaith spóirt na scoile agus bróga reatha a chaitheamh ar na laethanta corpoideachais.
Seo a leanas culaith na scoile:
-
Léine/polo bhánghorm
-
Treabhsar nó treachsar reatha /sciorta nó gúna dúghorm
-
Geansaí gorm(logo na scoile)
Bíodh ainm do pháiste scríofa i nGaeilge ar chuile rud a bhaineann leis m.sh. leabhair, éadaí, cóipleabhar agus chuile rud eile a bhaineann leis. Ní ghlacann an Bord Bainistíochta aon fhreagracht as sealúchas do pháiste.

