Sláinte agus Sábháilteacht
Ní cheart páistí atá tinn a chur chuig an scoil. Má tá aon ghalar tógálach ar do pháiste ba cheart é sin a chur in iúl don scoil ar an bpointe. Ba cheart do na páistí filleadh ar an scoil nuair tá biseach iomlán orthu.
Moltar do thuismitheoirí aon tinneas nó ailéirge atá ar a gcuid bpáistí a chur in iúl don mhúinteoir ranga.
Déan scrúdú rialta ar chloigeann do pháiste ar fhaitíos go mbeadh sneá ann. Má bhíonn sneá sa rang cuirfear litir chuig na tuismitheoirí.
Níl cead ag do pháiste fanacht taobh istigh ag am sosa ná ag am lóin ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Sa gcás seo, ní mór litir a scríobh nó dul i dteagmháil leis an bPríomhoide.

Nósanna Imeachta i gcás timpistí
Fiú agus múinteoirí na scoile ag féitheoireacht tarlaíonn timpistí. Déantar cúram de mhiontimpistí ag an scoil. Go hiondúil, glantar gearrthachaí beaga le uisce fuar agus cuirtear bindealáin orthu más gá.
I gcás timpiste nó go mbuaileann tinneas do pháiste, déanfar chuile iarracht dul i dteangmháil leis na tuismitheoirí/ caomhnóirí/ nó daoine a bhfuil cúram na bpáistí orthu.
Má bhuaileann do pháiste a c(h)loigeann sa scoil, cuirfear glaoch abhaile ar an bpointe agus moltar duit é/í a thógáil abhaile agus breathnú ina d(h)iaidh.
Má athraíonn tú seoladh nó uimhir fóin, cuir in é iúl don scoil láithreach. Muna ndéanann tú cúram de seo, beidh sé deacair dul i dteagmháil leat i gcás práinne.
Ní ghlacann an scoil aon fhreagracht as costaisí leighis.
Lón Folláin
Léiríonn suirbhéithe go mbíonn an-iomarca siúcra agus easpa fibrin i lón na bpáistí go minic. Níl sé molta go mbeadh milseáin, seacláid, deochanna coipeacha nó criospaí ag do pháiste le haghaidh lóin. Ba cheart go gcuirfeadh lón do pháiste 1/3 dá riachtanais laethúil bia ar fáil. Moltar torthaí, bainne/íogart, dhá phíosa aráin le feoil/sicín/cáis. Níl cead aon bhuidéal ghloine a thabhairt chuig an scoil.
Tá cosc iomlán ar ghuma coganta sa scoil.

