Cumarsáid Baile / Scoile
Tá sé tábhachtach go mbeadh teagmháil rialta idir an baile agus an scoil ar mhaithe le do pháiste. Seo iad na bealaí ina ndéantar sin i Scoil Rónáín, An Trá Bháin:
-
Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí
Bíonn cruinnithe Tuismitheoirí/ Múinteoirí sa gcéad téarma den scoilbhliain ag tús Mí na Samhna.
-
Téacsanna Scoile.
-
Cruinniú Aonar
Tarlaíonn sé seo nuair a iarrann tuismitheoir cruinniú le múinteoir nó nuair a iarrtar ar thuismitheoir teacht chuig an scoil le eolas a roinnt nó le dul chun cinn do pháiste a phlé. . Moltar ábhar an chruinnithe a chur in iúl don mhúinteoir ranga roimhré ionas go mbeidh an t-eolas agus na tuairiscí cuí bailithe le chéile aici/aige.
-
Coinne leis an bPríomhoide
Ní mór nóta a chur chuig an bPríomhoide le coinne a shocrú léi.
-
Cuirtear nótaí abhaile le daltaí
-
Ag deireadh na scoilbhliana cuirtear amach tuairiscí scoile
-
Seoltar litreacha/ téacsanna chuig na tuismitheoirí chun iad a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí scoile m.sh. ag cur na laethanta saoire na scoile in iúl dóibh 7rl.
-
Bíonn cruinniú réamhullmhúchán scoile le haghaigh tuismitheoirí na Naíonán nua i mí Bealtaine.
Gearáin
Ar mhaithe le páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí tá sé an-tábhachtach go mbeadh caidreamh maith idir an baile agus an scoil. Tá na múinteoirí i gconaí sásta plé a dhéanamh ar aon deacracht a bhíonn ann ó am go ham. Le meas agus le dea-thoil, is féidir an chuid is mó de na fadhbanna a réiteach le plé idir an múinteoir ranga agus na tuismitheoirí. Má bhíonn gearán ag tuismitheoirí, ba cheart dóibh bualadh leis an múinteoir ranga. Muna féidir leo an fhadhb a réiteach ba cheart do na tuismitheoirí coinne a dhéanamh leis an bPríomhoide.

